Abhaile
Beathaisnéisí
Altanna & Léirmheasanna
Ceannaigh CD
Pictiúirí
Nascanna
Sonraí Teagmhála
Ó Chicago go Carrachán
English Version

 

Máirseálacha:  Blaiseadh i bhfoirm mp3 (234KB) 
Máirseáil Johnny Ex. & Fiach an Ghiorria  3.55

Cumadh an chéad mháirseáil in ómós do sheanuncail Mhaidhc, Johnny Kennedy. Tagraíonn ‘Fiach an Ghiorria’ do chaitheamh aimsire a bhíodh ag Maidhc ina óige agus ag scata eile ina theannta.  
Maidhc: Bosca Ceoil
Liam: Piano
Stíofán:Giotar  

Rince Sciobóil & Cornphíopaí:  Blaiseadh i bhfoirm mp3 (234KB) 
Rince Sciobóil Mhichíl Darby, Cornphíopa Uí Mhathúna, An Londubh    4.21

Tá an rince sciobóil agus na cornphíopaí seo i measc na bpíosaí ceoil is fearr le Caoimhín. D’fhoghlaim sé an rince sciobóil ó Mhícheál Darby Ó Fátharta ó Chois Fharraige. Ó thaifeadadh de chuid Ghearóid Uí Allmhuráin agus Patrick Orceau, ‘Tracin’’ a fuair sé cornphíopa Uí Mhathúna. Thug sé leis An Londubh ó chomrádaí mór leis, Johnny Phádraig Pheter Ó Conghaile, boscadóir go bhfuil mórmheas air féin agus ar a chuid ceoil i bhfad agus i gcóngar.  
Caoimhín: Feadóg Bheag-C
Liam: Piano

Stíofán: Giotár

Polcaí:
An Timpeall chun an Teampaill & An Cóngar chun na Tábhairne    2.54

Seanfhocal a chloistear go rialta fós sa cheantar a thugann na teidil don dá pholca seo.
Maidhc: Bosca Ceoil
Caoimhín: Feadóg Mhór
Andrea: Bodhrán
Con: Píobanna Uillinn
Stíofán: Giotár
 

Amhrán:  Blaiseadh i bhfoirm mp3 (236KB) 
Réidhchnoc Mná Duibhe    4.46

Is é seo an t-amhrán is ansa le Caoimhín as stór amhrán Chorca Dhuibhne. Tá leaganacha éagsúla de le fáil ó thaobh focal agus fonn. Tá an leagan seo bunaithe ar leagan Pheat ‘ac Gearailt, Cill Chúile, nach maireann.  
Caoimhín
Focail an Amhráin

Poirt:  Blaiseadh i bhfoirm mp3 (234KB) 
Bóithrín Joanie & Bóithrín Charracháin    3.28

An dá bhóithrín is cóngaraí do thigh Mhaidhc ar an gCarrachán a thugann ainmneacha dos na poirt seo. Cé go bhfuil féar ag fás aníos trína lár níl aon dhá bhóthar in Éirinn is fearr leis taisteal orthu, go mórmhór tar éis turas fada a chur de ó thaobh éigin den chontae nó den dtír.
Maidhc: Bosca Ceoil
Caoimhín: Feadóg Mhór
Greg: Tambourine
Con: Píobanna Uillinn
Liam: Piano

 

Ríleanna:
Ríl Paddy Taylor & Salute to Baltimore    3.01

Is breá le Caoimhín stíl fliúiteadóireachta thuaisceart Chonnachta agus seo dhá ríl ón dtraidisiún sin. D’fhoghlaim sé an chéad cheann ó dhlúthdhiosca de chuid an tsárfhliúiteadóra, Catherine Mc Evoy. Ba é Josie McDermott, nach maireann, a chum an dara ríl.
Caoimhín: Feadóg
Liam: Bodhrán

 

Fonn Mall & Flaing:
Codail, a Joe & Ag ‘Poacháil’  na hAbhann    4.05

Is fonn mall é ‘Codail, a Joe’ a chum Maidhc in ómós do laoch mór dá chuid a cailleadh agus é óg go maith, an boscadóir Joe Cooley. Chuireadar aithne ar a chéile thall i Chicago agus an bheirt acu ar imirce ann sna seascaidí. Bhíodh ‘poacháil’ Abhainn na Feothanaí mar chaitheamh aimsire ag mórán le linn óige Mhaidhc…b’fhéidir gurbh fhearr gan a thuilleadh a rá!
Maidhc: Bosca Ceoil
Liam: Cruit

 

Poirt:  Blaiseadh i bhfoirm mp3 (234KB) 
The Bould Thady Quill, Port Sheáin Uí Chochláin    3.25

Is minic a luaitear an chéad phort seo leis an gceoltóir fidle ó Shliabh Luachra, Paddy Cronin. Bhíodh an dara ceann ag boscadóir ó Arda Mór i gCorca Dhuibhne, Seán Coughlan (nach maireann). Seinntear an dara port seo go forleathan ar an leithinis fós.
Caoimhín: Feadóg
Liam: Piano  

Amhrán:  Blaiseadh i bhfoirm mp3 (236KB) 
Cois Chalaithe an Ghóilín (Na Filí)    7.21

Amhrán breá é seo nach gcloistear rómhinic. Ba é an file Tomás Rua Ó Súilleabháin (1785-1845) ó cheantar Dhoire Fhionáin in Uíbh Ráthach a chum. Chuala Maidhc ó Tom Mhaurice Ó Súilleabháin na Feothanaí é.
Maidhc
Stíofán: Giotár  
Focail an Amhráin

 

Polcaí:
Lá an Dreoilín & Leaca Loma Aden    2.39

Is mar pholca a sheinntear i gCorca Dhuibhne an fonn máirseála‘The Barren Rocks of Aden’ a chum an t-Albanach A. Mac Kellar. Seinneann Caoimhín anseo é bunaithe ar an leagan neamhchoitianta a bhíodh ag Seán Ó Duinnshléibhe, Blascaodach a bhásaigh i 1989. Cloistear Seán féin á sheinnt ar an dlúthdhiosca, ‘Beauty an Oileáin – Music and Song of the Blasket Islands’.
Caoimhín: Feadóg Bheag
Stíofán: Giotár

 

Ríleanna:
Stocaí Breaca Johnny na gConnolly’s & Kate from Castleisland    2.53

Is don gceoltóir iontach sin ó Inis Bearachain ó dhúchas, Johnny Connolly, a chum Maidhc an chéad ríl seo. Is dá bheanchéile, Caitlín a chum sé an dara ceann. Rugadh agus tógadh Caitlín in aice le hOileán Chiarraí ar an nGleanntán, áit dhúchais an veidhleadóra  Pádraig Ó Caoimh.
Maidhc: Bosca Ceoil
Caoimhín: Feadóg Mhór & Feadóg Bheag
Liam: Piano
Greg: Tambourine

 

Fonn Mall:
An Draighneán Donn    2.33

Is mó leagan atá ann den amhrán seo ar fud na tíre. Tá an leagan a sheinneann Caoimhín anseo bunaithe ar leagan den amhrán a chuala sé á rá ag Eibhlín Ní Churtáin ó Thuar na Fola, Co. Luimnigh. Bhí sé féin agus Eibhlín in aon bhliain lena chéile i gColáiste Oideachais Mhuire Gan Smál, Luimneach.
Caoimhín: Feadóg

 

Cornphíopaí:
Barra Chnoc Bhréanainn & Com an Lochaigh    4.26

Is é Cnoc Bhréanainn an cnoc is airde ar an bparóiste ó thuaidh agus an dara cnoc is airde in Éirinn. Tá radharc óna bharra ar chontaetha an Chláir agus na Gaillimhe ar lá breá. Is cuid den sliabhraon céanna é Com an Lochaigh, áit a chuirfeadh duine faoi gheasa lena áilleacht.  
Maidhc: Bosca Ceoil
Caoimhín: Feadóg Mhór
Andrea: Bodhrán
Con: Píobanna Uillinn

Abhaile
Beathaisnéisí
Altanna & Léirmheasanna
Ceannaigh CD
Pictiúirí
Nascanna
Sonraí Teagmhála
Ó Chicago go Carrachán
English Version

Barr an leathanaigh