Abhaile
Altanna & Léirmheasanna
Ord Reatha na dTraiceanna
Beathaisnéisí
Pictiúirí
Nascanna
Sonraí Teagmhála
Ó Chicago go Carrachán
Ceannaigh CD


Téigh go dtí
'Cois Chalaithe an Ghóilín'/'Na Filí'

 

Réidhchnoc Mná Duibhe

Leagan Pheat 'ac Gearailt, Cill Chúile, nach maireann

Is fada mise ar buaireamh ag cur tuairisc mo ghrá,
Trí ghleanntaibh dubhach, uaigneach ‘s mé ag ruagairt chun fáin,
Ach tuairisc ní bhfuaireas, cé gur chuardaíos a lán,
Ó gheataíbh na tuama go dtí bruach gheal na trá.

Ó casadh mo ghrá orm, ba náir liom gan suí,
Do leagas mo láimh dheas ar a bráid ‘s ar a croí,
‘S é a dúirt sí, ‘A rúin, fág mé ní hádhmhar duit mé,
mar is bean óg ar an bhfán mé a ráinig id’ shlí.’

Tá cailín donn deas ar an mbaile ina mbím,
‘S is gile í ná an sneachta ‘s ná an eala ar an dtoinn,
Dá mbeadh an oíche ag cur sheaca, níorbh fhada liom í,
‘Bheith ag éalú thar caise le cara mo chroí.

‘S do casadh ar mo chuaird mé go dtí Réchnoc Mná Duibhe,
Do dhearcas uaim suas í, go móbharach ‘na suí,
Ba chas ciartha iad a cuacha ina nduallaíbh léithi síos,
Ar gach taobh dá guaillne ‘s iad dá luascadh le gaoith.

‘S nach aoibhinn dos na héiníní a dh’éiríonn go hard,
‘Bhíonn ag céiliúr lena chéile ar aon chraoibhín amháin,
Ní mar sin dom fhéinig is dom chéad míle grá,
Sinn chomh fada óna chéile is ‘tá an réilthín ón Spáinn.

 

Cois Calaithe an Ghóilín (Na Filí)

Cumtha ag Tomás Rua Ó Súilleabháin

“Cois calaithe an Ghóilín a chónaíonn mo mhuintir,
Anois táim im’ dheoraí ag lorg óstaíocht na hoíche.”
“Gheobhairse do lóistín más deoraí gan tíos tú
Agus maighdean dheas d’ógmhnaoi mar eolaí chun suí leat.
Sa mbó leo.”

Flouncí is róbaí ar ógmhnaoi níor ghnaoi liom
Gan foghlaim, gan scolaíocht, gan filíocht le sinsir.
Dob fhearr liomsa mórchailleach is seacht n-órlaí de phíop aici,
A chuirfeadh orm cóir bídh ná ceol sí na rithe.
Sa mbó leo.”

  “Tá iníon agamsa ar mhnáibh dheasa na hÉireann,
Maighdean í, geallaim duit, ar fhearaibh an tsaoil seo;
Dá gcífeá a pearsa le solas na gréine,
Do thitfeá lag marbh le taitneamh don réilteann.
Sa mbó leo.”

“Cé acu dos na mná seo a sháraíonn na bréithre,
Gur mholais a cáil thar mhnáibh dheasa Éireann?
Fios a hainm ní foláir liomsa d‘fháil uait as Gaoluinn.
Nuair ‘imeod uait amárach bead ag trácht ar an réilteann.
Sa mbó leo.”

  “Is ainm di Máire le háireamh sa Gaoluinn
Siúd í thíos ag fuáil, í go sásta ina haonar;
Tá a gruaig ina rothánaibh, is a dá mala gléigeal;
An uair ‘chíorann sí a tátha, ó is breátha í ná Venus.
Sa mbó leo.”

  “’Sé ‘dúirt Piaras McCarthy, an fear bheanúil, bhéasach,
Go raibh an sníomh seo faoin bpeaca ar a mhalairt na gcéadta.
Mar go raibh an t-oidhre aici faoin easna, i ngan fhios dá gaolta,
Is dá ndéanfadh sí teagasc ar a daidí nár bhaol di.
Sa mbó leo.”

  “Mhuise scalladh crua cráite ort, a tháthaire an éithigh,
Nár scaoil leis an mbás í má tháinig dá héileamh;
Mar dob fhearr liomsa an bháb seo, is í d‘fháil uait ina héide
Ná Máire is lán árthaigh do phlátaí bhreá ghléigeal.
Sa mbó leo.”

  “Ní dhéanann an bháb sin caidhp, lása ná léine,
Ná obair sprigéalta chomh álainn in aon chor;
Ach bróg chluthar fáiscthe táthaithe déanta,
Is deacair í ‘cháineadh, mar a chniotálann sí féin í.
Sa mbó leo.”

  “Is deas é obair sprigéalta chun cochlás a dhéanamh,
Snáthad dearnála a chuirfeadh fáithim ar léine,
Corda mór cnáibe is é fáiscthe ar a chéile;
Bhí anairt chomh gearrtha is ‘bheadh mála peidléara.
Sa mbó leo.”

“Bíonn an bhaineann ag beadaíocht is a lochta le hinsint,
Is gur maraíodh ar na faichíbh dá ndeascaibh na mílte,
Go gcuirfidís ar leataobh gach gaiscíoch dá airde
A thug mise ar mearaí cé gur beathaíodh le saill mé.
Sa mbó leo.”

“Ach an bhuíon gur díobh sinne, bíonn na baineannaigh béasach,
Ní théann siad le mire ag ól gloine le haon fhear;
Bíonn ól agus ithe ina gcistin le féile
Fáilte agus fiche, dá dtiocfadh na céadta.
Sa mbó leo.”

“Má bhíodar chomh banúil ‘s flaithiúil dá réir sin,
Do chroí-se níl fearúil, a bhastúin an éithigh,
Mar dá dtiocfá-sa chugamsa nuair a bhí dún agam féinig,
Ní i ndoras mo chairde a bheinn ag tabhairt do leithscéil duit.
Sa mbó leo.”

  “Anois file is ea tusa agus tuigim do ghníomhartha,
File eile is ea mise do sloinneadh ón Laoiseach;
Druid aníos cois na tine is bí ag imirt do ghníomhartha;
Tá an citeal ag fliuchadh is ag siosmairt ar a dhícheall.
Sa mbó leo.”

Abhaile
Altanna & Léirmheasanna
Ord Reatha na dTraiceanna
Beathaisnéisí
Pictiúirí
Nascanna
Sonraí Teagmhála
Ó Chicago go Carrachán
Ceannaigh CD

Barr an leathanaigh