
|
|
|
||||||
|
|
|
||||||
|
|
|


| Maidhc Dainín Ó Sé | Caoimhín Ó Sé | Andrea De Paor | Con Durham | Liam Ó Maonlaí | Stíofán Ó Cuanaigh | Greg Sheehan |
Is maith is cuimhin le Maidhc Dainín Ó Sé
an lá a tháinig a chéad bhosca cheoil tríd an bpost chuige. Thug sé faoi
phort a bhaint as ar an bpointe agus tabhair faoi deara nach bhfuil aon stad ó
shin air. Thosnaigh sé ag seinnt dos na ‘Laethanta Breátha’ i Halla na
Muirí chomh luath agus a bhí cúpla port ar a thoil aige. Thug sé bliain i
Londain i ndeireadh na gcaogadaí, áit ar sheinn sé sna hallaí rince ba mhó
go mbíodh tarraingt ag na hÉireannaigh orthu. Chuaigh Maidhc as sin go Chicago
mar ar chaith sé deich mbliana dá shaol. Is i gcathair na gaoithe a chuir sé
barr feabhais ar a chuid ceoil. Bhuail sé le ceoltóirí móra na linne sin a
bhí curtha fútha i Chicago. Is fíor a rá gurbh é an boscadóir Joe Cooley
ba mhó a chuaigh i bhfeidhm air. D’fhill Maidhc ar an gCarrachán i 1969 agus
níorbh fhada go raibh éileamh ar a chuid ceoil i dtábhairní leithinis Chorca
Dhuibhne, go mórmhór i measc lucht na seiteanna.
Ní hamháin go bhfuil aithne ar Mhaidhc mar
cheoltóir agus mar amhránaí ach tá aithne air mar dhuine de phríomh-scríbhneoirí
na Gaeilge chomh maith. Tá aon leabhar déag leis foilsithe, ina measc, ‘A
Thig Ná Tit Orm’, atá ar shiollabas na Gaeilge do scrúdú na hardteistiméireachta.
Cá bhfios nach mbeidh aithne air mar chumadóir ceoil amach anseo mar gurb é féin
a chum na píosaí a sheinneann sé ar an taifeadadh seo!
Tá sé ag obair mar thiománaí leoraí le Grúpa Chiarraí le os cionn tríocha bliain. Má bhíonn tú riamh ar an mbóthar idir Lios Tuathail agus Daingean Uí Chúise tá ana-sheans go gcífidh a mhullach bán taobh thiar de roth stiúrtha leoraí an bhainne. Má tá aoibh an gháire ar a aghaidh bí deimhin de gur ag éisteacht le ceol ar Raidió Gaeltachta atá sé!

Is i Chicago Mheiriceá a rugadh Caoimhín fad
agus a bhí a thuismitheoirí ar imirce sa chathair sin. Ina leanbh trí bliana
a bhí sé nuair a d’fhill a mhuintir ar an bhfód dhúchais ar an gCarrachán.
Ba dheacair dó an ceol agus na hamhráin a sheachaint agus é ina chónaí in
aon tigh lena athair, Maidhc Dainín!
Bhí sé d’áth ar Chaoimhín freastal ar
Scoil Náisiúnta Naomh Eirc, i mBaile an Mhórdhaigh mar a raibh múinteoirí
go raibh suim sna hamhráin agus sa cheol acu. Is faoi stiúir na múinteoirí
seo a d’fhoghlaim sé a chéad phort ar an bhfeadóg stáin agus mórán eile
acu ina dhiaidh sin. Thugadh Caoimhín leis fo-phort a chloiseadh sé timpeall
an tí agus níorbh fhada sé go raibh sé le clos ag seinnt sna tábhairní áitiúla
le cois a athar.
Tá Caoimhín ina mhúinteoir bunscoile agus
é ina chónaí i mBearna, Co. na Gaillimhe. Thug sé turasanna ar Lorient sa
Bhriotáin, La Coruna i nGalicia agus ar an nGearmáin le ceoltóirí agus grúpa
éagsúla ó cheantar Chonamara.
Tá an-iarracht déanta aige fiúntas na bpólcaí
agus na sleamhnán a chur ina luí ar cheoltóirí Chonamara ach déanann sé
amach nach bhfuil ag éirí go ró-mhaith leis!
Is éisteoir rialta de chuid Raidió na Gaeltachta é agus bhain sé an-sásamh as a chlár ceoil féin, ‘Buille ar Bhuille’, a chur i láthair ar an stáisiún sin i rith samhradh na bliana 2001.

Is ó Lancashire, Shasanna í Andrea. Tá sí
curtha fúithi anois i gCorca Dhuibhne. Tugann sí ceachtanna ar an mbodhrán
agus tá ionad déanta bodhrán ar Shráid
an Doirín sa Daingean aici.

Is píobaire ón ardchathair é Con atá
curtha faoi inár measc le fiche éigin bliain anois. Tá an-éileamh ar a chuid
ceoil agus is minic é le cloisint ag seinnt ag seisiúin ar fud na leithinse.
Tugann sé fo-sciuird ar thíortha i gcéin mar cheoltóir aonair agus mar bhall
den ngrúpa The Quare Fellas. Thug Con leis an chraobh i gcomórtas píobaireachta
an Oireachtais sa bhliain 1980.

Tá aithne i bhfad agus i gcóngar ar Liam Ó Maonlaí mar phríomh-amhránaí an ghrúpa, ‘The Hothouse Flowers’.
Tá dlúthcheangal ag Liam agus ag a mhuintir le Gaeltacht Chorca Dhuibhne. Is
sa cheantar seo a chuir Maidhc agus Liam aithne ar a chéile ar dtús.
Sheinneadh Maidhc cúpla oíche sa tseachtain in Óstán Dhún an Óir agus ba
mhinic a shuíodh Liam i measc na gceoltóirí, cé nach raibh sé ina gharsún
óg ag an am. Seinneann Liam an méarchlár, an chruit agus an bodhrán ar an
taifeadadh seo.

Is ar éigin gur gá Stíofán Ó Cuanaigh a
chur in aithne d’aon duine go bhfuil suim acu i gcúrsaí ceoil. Is Astrálach
de bhunadh na hÉireann é a chaith blianta fada ina chónaí i bParóiste Mórdhach
in Iarthar Dhuibhneach. Is i rith na mblianta sin a chur sé féin agus Maidhc
Dainín aithne ar a chéile. Ní hamháin go bhfuil sé ar dhuine de na giotáruithe
is mó le rá sa tír ach tá an-éileamh air mar léiritheoir ceoil chomh maith.

Is páirtí mór de
chuid Stíofáin Uí Chuanaigh é Greg. Rugadh agus tógadh san Astráil é cé
gur ó cheantar Chiarraí a shíolraigh a mhuintir. Tharla go raibh sé ag obair
in Éirinn i dteannta le ceoltóirí eile fad agus a bhí an taifeadadh seo ar
siúl. Seinneann sé ar dhá thraic ar an dtaifeadadh seo.

|
|
|
||||||
|
|
|
||||||
|
|
|
