Abhaile
Altanna & Léirmheasanna
Ord Reatha na dTraiceanna
Beathaisnéisí
Pictiúirí
Nascanna
Sonraí Teagmhála
Ceannaigh CD
English Version

 


Ó Chicago go Carrachán CICD 136
Foilsitheoirí: Cló Iar-Chonnachta 1998

Is féidir an dlúthchéirnín seo a cheannach ó Chló Iar-Chonnachta nó ó Mhaidhc Dainín

Maidhc Dainín Ó Sé - Bosca Ceoil
Caoimhín Ó Sé - Feadóga
Fergus Flaherty - Bainseo
John Browne - Giotár
Dáithí Ó Sé - Amhrán
le
Johnny Connolly - Melodeon
Nóirín Ní Ghrádaigh - Veidhlín
Aisling Ní Neachtain - Cruit

 

Tá aithne mhór ar Mhaidhc Dainín Ó Sé ar fud na tíre seo mar gheall ar a shaothar litríochta agus freisin mar gur mion mion minic a cheol á lorg ar chláir ar nós 'Togha agus Rogha' ar Raidió na Gaeltachta. Tá aithne air mar cheoltóir sna cúig cúigí agus thar lear; go deimhin ní lú an aithne atá air i Chicago, áit ar thug sé cuid mhaith mhór dá shaol sular fhill sé ar Charrachán, ná mar atá air sa tír seo againn féin. Tá ceol bainte as a bhosca ag Maidhc Dainín i dteannta shárcheoltóirí na tíre seo - Joe Cooley agus Joe Burke ina measc - agus is i gcomhluadar na máistrí seo a thug sé a chuid ceoil chun foirfeachta .

Rogha port agus ríleanna, polcaí, sleamhnán agus amhrán, agus dán in omós do Joe Cooley atá ar an albam seo, céadalbam Mhaidhc Dainín Uí Shé. Ag coinneáil tionlacain leis tá a mhac, Caoimhín Ó Sé chomh maith le Fergus Flaherty, John Brown, agus Eugene Kelly. Mar aíonna speisialta ar rian a ceathair tá an boscadóir cáiliúil, Johnny Connolly, an veidhleadóir breá, Nóirín Ní Ghrádaigh, agus Aisling Ní Neachtain ar an gcláirseach. Dreas ríleanna atá againn uathu seo. Tá leagan breá freisin ar an albam d'amhrán a luaitear go minic le Nioclás Tóibín, 'Eochaill'. Tá sé á chasadh anseo ag Dáithí Ó Sé, amhránaí óg a bhfuil an-ghealladh go deo faoi - agus cá bhfágfadh sé é, mac le Maidhc Dainín!

Mighty Mike is a compilation in his own right, with sparkling box-playing, original songs in Irish and a memorable poem. This is quintessentially Kerry with slides taken in a witty conversational style and polkas decked up and sprightly. There is a lovely relaxed feel to the recording. - Irish Music Magazine

No musical pyrotechnics here, just aisy, homey seisiúns and songs . . . Ó Sé's voice has guttural attack and he renders some songs of his own with great rhythm and feel. Warm simple and very traditional. - The Irish Times

Ceirnín meidhreach, á sheinm ag fear atá i mbarr a réime. Dearbhaíonn an ceirnín go bhfuil ceol sa Ghaeltacht agus é beo bríomhar. - Cuisle

1) Sleamhnáin: Jazzin’ With Mag Leary - Droichead Átha Luain - Sleamhnán Chúil Aodha
2) Amhrán: Amhrán na Mianach
3) Pólcaí: An Buachaillín Bán - Eibhlín Óg - The Dainty Dish Before the King
4) Ríleanna: Devaney’s Goat - Ríl Chiarraí
5) Pólcaí: West Limerick - John McNamara’s - Riding On A Load of Hay
6) Amhrán: Eochaill
7) Ríl: Ríl na Síóg
8) Dán & Ríleanna: An Ceoltóir - Cooley’s - The Ships Are Sailing
9) Amhrán: Na Bearta Crua
10) Pólcaí: I’ve A Bonnet Trimmed With Blue - Teehan’s - Tá Dhá Ghabhairín Bhuí Agam
11) Sleamhnáin: Rogha Con Curtin - Sleamhnán Chaisleán na Finne - Rogha an tSairsint Uí Chathail
12) Cornphíopaí: Cearta an Duine - The Plains of Boyle
13) Amhrán: Oileán Dhún an Óir
14) Port: Kitty O’Hare’s

Abhaile
Altanna & Léirmheasanna
Ord Reatha na dTraiceanna
Beathaisnéisí
Pictiúirí
Nascanna
Sonraí Teagmhála
Ceannaigh CD
English Version

Barr an leathanaigh